Is é is aidhm don Nóta Comhairliúcháin maidir le Néalríomhaireacht, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, treoir ardleibhéil a sholáthar chun cabhrú le heagraíochtaí cinntí a dhéanamh i ndáil le glacadh néalseirbhísí. Faoi réir cúinsí faoi leith, níor cheart d’Eagraíochtaí na Seirbhíse Poiblí a chinneadh cé acu a aistreofar nó nach n‑aistreofar chuig an néal i gcás córais nua nó cinn atá ann cheana; an cinneadh atá le déanamh anois ná céard a aistreofar chuig an néal, conas a aistreofar é agus cathain a aistreofar é.
Tá Nóta Treorach maidir le Soláthar Néalseirbhísí comhlántach eisithe ag an Oifig um Sholáthar Rialtais.
Cloud Computing Advice Note