Skip to main content

Measúnú ar Aibíocht Sonraí

Is éard atá i measúnú ar aibíocht sonraí ná modh atá ar fáil do chomhlachtaí poiblí chun cabhrú leo sonraí a fheabhsú, chomh maith le bainistíocht sonraí agus a rialú. Úsáidtear é chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • measúnú a dhéanamh ar staid reatha na sonraí in eagraíocht, agus
  • an staid inmhianaithe nó an spriocstaid do na sonraí in eagraíocht a shonrú

Nuair a dhéantar measúnú ar aibíocht sonraí, is féidir le Comhlacht Seirbhíse Poiblí tuiscint níos fearr ar shonraí ar fud na heagraíochta a chruthú, dea-chleachtas a chinntiú agus úsáid sonraí a bharrfheabhsú. Is féidir leis an bunús a sholáthar maidir le forbairt straitéisí, treochlár, pleananna agus gníomhaíochtaí chun spriocstaid le haghaidh sonraí a bhaint amach.

Is é is aidhm don nóta comhairliúcháin seo ná creat caighdeánach maidir le haibíocht sonraí a chruthú lena úsáid ar fud na seirbhíse poiblí, agus moltar go ndéanann Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí ag a bhfuil méid an‑mhór sonraí measúnú den sórt sin a dhéanamh. Gabhann treoir céim ar chéim leis an nóta comhairliúcháin, chomh maith le roinnt ceisteanna samplacha, chun cabhrú le Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí measúnú ar aibíocht sonraí a dhéanamh.

document type icon

Data Management Maturity Assessment Advice Note

document type icon

PSB Self-assessment Data Maturity Questions

document type icon

Self-Assessment Step by Step Guide