Mar chuid den chlár ‘Tógáil le Roinnt’, seachadann an tseirbhís deisce bainistithe an réimse chaighdeánach croísheirbhísí ríomhaire deisce TFC. Úsáideann ranna agus eagraíochtaí rialtais ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí na seirbhísí sin.
I measc na seirbhísí sin faoi Dheasc Bhainistithe ‘Tógáil le Roinnt’ tá:
- ríomhairí pearsanta
- ríomhairí glúine
- gléasanna hibrideacha/táibléid
- foireann feidhmchláir táirgiúlachta oifige
- ríomhphost
- rochtain Idirlín
- líonra logánta
- guthán
- tacaíocht deisce freastail
- bonneagar óstála
- seirbhísí cibearshlándála
- áirítear i seirbhís deisce bainistithe ‘Tógáil le Roinnt’ Wi-Fi ar an ngréasán agus Wi-Fi d’aíonna
Tá OPOFR freagrach as tacú le riachtanais teicneolaíochta thart ar 25% de státseirbhísigh (Bealtaine 2024).
Féach ar an leathanach ‘Fúinn’ ar an suíomh gréasáin seo chun sonraí teagmhála a fháil.
Mar chuid den chlár ‘Tógáil le Roinnt’, is éard atá i Néal an Rialtais ná néalchóras príobháideach a dhéanann an méid seo a leanas:
- éifeachtúlacht a spreagadh
- costais a laghdú
- slándáil a fheabhsú
- tacú le comhtháthú
Mar gheall ar Néal an Rialtais, ní chaithfidh ranna agus oifigí beaga tacú lena gcuid crua-earraí féin.
Uasmhéadaítear leis luach na gcrua-earraí freisin, le comhroinnt agus athúsáid. Is cuid thábhachtach de thionscadal Lárionad Sonraí an Stáit é comhroinnt an bhonneagair.
Féach ar an leathanach ‘Fúinn’ ar an suíomh gréasáin seo chun sonraí teagmhála a fháil.
Mar chuid den chlár ‘Tógáil le Roinnt’, cuireann Líonraí an Rialtais seirbhísí líonra costéifeachtacha agus iontaofa seo a leanas ar fáil:
- seirbhísí gutha
- seirbhísí físe
- seirbhísí Wi-Fi
- seirbhísí sonraí
Cuirtear na seirbhísí sin ar fáil do na gníomhaireachtaí nasctha uile, lena n-áirítear:
- gach Roinn Rialtais agus comhlacht Rialtais faoina gcoimirce
- Tithe an Oireachtais
- Údaráis Áitiúla
- comhlachtaí oideachais
- FSS
Is seirbhís bhunriachtanach í a úsáideann gníomhaireachtaí ar fud na seirbhíse poiblí agus leanann sí uirthi ag forbairt.
Thacaigh sí leis an athrú ón obair in oifigí chuig cianobair in 2020. Cuireadh feabhsuithe slándála i bhfeidhm chun tacú leis an athrú sin.
Tá Líonraí an Rialtais ar fáil ar fud na tíre. Díreoidh sí ar na nithe seo a leanas:
- seirbhísí snáthoptaice a sholáthar do shuíomhanna tuaithe
- naisc i limistéir a bhfuil roinnt mhaith comhlachtaí seirbhíse poiblí suite a chomhcheangal
Féach ar an leathanach ‘Fúinn’ ar an suíomh gréasáin seo chun sonraí teagmhála a fháil.
Tá an tArdán Náisiúnta Íseal-Aga Folaigh á mhaoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus is Tionscadal 2.5. “Teicneolaíochtaí 5G a Úsáid chun Tionscadal Éire Níos Glaise agus Níos Nuálaí a Thiomáint” é.
An cuspóir
Cinntiú go n‑uasmhéadaíonn an lucht riaracháin phoiblí an tairbhe a bhaineann le teicneolaíochtaí 5G.
Cuimsítear san infheistíocht forbairt ardáin íseal-aga folaigh ag a mbeidh cnámh droma ardluais a úsáidfidh imeallnóid ríomhaire chun freagairt níos tapa a chumasú. Forbrófar réimse seirbhísí poiblí ina dhiaidh sin, tástálfar iad agus úsáidfear iad leis an ardán, go háirithe do Chosaint an Phobail agus Fóirithint Anachaine (PPDR) agus tástáil roimh infheistíocht do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.
An Chéad Sprioc
Faoin gceathrú ceathrú de 2023, beidh 18 nód ríomhaire ar a laghad ceannaithe de réir cleachtais soláthair.
An Dara Sprioc
Faoin gceathrú ceathrú de 2024, beidh 18 nód ríomhaire ar a laghad suiteáilte agus in úsáid ar an ardán.
Garsprioc
Beidh tástáil na seirbhíse ‘Cosaint an Phobail agus Fóirithint Anachaine’ agus an fhánaíocht uaithi ar iompróirí tráchtála líonraí 5G curtha chun feidhme agus i gcrích. Beidh a séala curtha ag an bhfoireann TFC agus Cleachtóirí ó na Gníomhaireachtaí Chosaint an Phobail agus Fóirithinte Anachaine’ leis na tástálacha.