Nuair a bheidh an tAcht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí curtha i bhfeidhm ina iomláine, soláthrófar an bunús dlí do chomhlachtaí poiblí chun sonraí a chomhroinnt. Tá ailt áirithe den Acht curtha i bhfeidhm cheana féin. Tá cur chuige céimneach ann maidir le cur i bhfeidhm na n‑alt atá fágtha den Acht.
Cuireadh Céim 1 chun feidhme ar an 7 Iúil 2021 nuair a cuireadh na hailt a bhí fágtha den Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019, i bhfeidhm cé is moite d’fho-ailt (2), (3) d’alt 6. Leis an Ordú (I.R. Uimh. 334 de 2021) ceadaítear bunú an Bhoird um Rialachas Sonraí agus tabhairt isteach an Chreata um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí don tSeirbhís Phoiblí atá cuimsitheach agus nua. Léirítear leis sin forbairt shuntasach in iarracht an Rialtais chun trédhearcacht a sholáthar maidir le húsáid éifeachtúil shonraí na saoránach chun seirbhísí poiblí a sheachadadh.
Socraítear le I.R. Uimh. 137 de 2022 dáta tosaigh feidhme den 16 Nollaig 2022 chun fo-ailt (2) agus (3) d’alt 6 a chur i bhfeidhm.
Forluíonn na hailt sin ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Leis an gcur chuige sin i ndáil le tosach feidhme, beidh comhlachtaí poiblí in ann aistriú go réidh ón Acht um Chosaint Sonraí, 2018, go dtí an Acht um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí, 2019.
Cuirfear ailt 6(2) agus (3) i bhfeidhm i gCéim 2. Tiocfaidh siad i bhfeidhm nuair a bheidh comhlachtaí poiblí imithe trí na próisis nua Comhroinnte Sonraí agus nuair a bheidh siad aistrithe ó alt 38 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, go dtí an reachtaíocht nua.
Nuair a bheidh fo-ailt (2) agus (3) d’alt 6 curtha i bhfeidhm, coiscfear spleáchas ar alt 38 mar bhunús dlí maidir le nochtadh faisnéise ag comhlacht poiblí amháin do chomhlacht poiblí eile. Beidh alt 38 ina bhunús dlí bailí go fóill i ndáil le cineálacha eile próiseála a thagann faoina raon feidhme.
Nuair a bheidh an tAcht agus na forálacha a ghabhann leis curtha chun feidhme ina n‑iomláine, beidh tairbhí suntasacha i gceist do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
Comhroinnfear do shonraí ar bhealach níos comhsheasmhaí leis an gCreat um Chomhroinnt agus Rialachas Sonraí don tSeirbhís Phoiblí. Beidh trédhearcacht iomlán ann maidir leis an gcaoi a gcomhroinntear do shonraí. Ligfidh sé sin dúinn seirbhísí digiteacha comhtháite a sholáthar do shaoránaigh agus gnólachtaí.
I gcás inar mian le Comhlachtaí Poiblí sonraí saoránach a chomhroinnt, foilseofar Comhaontú Comhroinnte Sonraí foirmiúil ar líne sula ndéanfar aon chomhroinnt. Rachaimid i gcomhairle leis an bpobal maidir le Comhaontuithe Comhroinnte Sonraí aonair idir Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí sula gcuirfear i bhfeidhm iad.
Léirítear leis sin forbairt shuntasach in iarracht an Rialtais chun trédhearcacht a sholáthar maidir le húsáid éifeachtúil shonraí na saoránach chun seirbhísí poiblí a sheachadadh.
Tá na sonraí uile maidir leis an Acht agus stair thosach feidhme na n‑alt le fáil anseo.