Leis an Nóta Comhairliúcháin maidir le Néalríomhaireacht, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2019, soláthraítear treoir ardleibhéil chun cabhrú le heagraíochtaí na seirbhíse poiblí cinntí a dhéanamh i ndáil le glacadh néalseirbhísí. Cuireadh é in ionad na treorach roimhe sin, Machnamh ar Néalsheirbhísí, a foilsíodh i mí na Nollag 2015.
D’fhoilsigh an Oifig um Sholáthar Rialtais an Nóta Treorach maidir le Soláthar Néalseirbhísí i mí Feabhra 2021 chun cabhrú le heagraíochtaí na hearnála poiblí na príomhcheisteanna conarthacha agus tráchtála a thuiscint agus a bhainistiú agus seirbhísí néalríomhaireachta á soláthar.