Tá oibleagáidí ag Éirinn, mar bhall den Aontas Eorpach, faoi chlár éagsúil ar leibhéal na hEorpa sa réimse ríomhsheirbhísí rialtais/seirbhísí digiteacha.
Tá OPOFR ag obair le coistí, meithleacha agus gníomhaireachtaí AE, lena n-áirítear:
- Coiste ISA2 an Choimisiúin Eorpaigh agus grúpaí gaolmhara
- Bord Stiúrtha Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh
- coistí teicniúla agus beartais eIDAS
- meitheal STESTA
- Grúpa Comhordúcháin an Rialacháin maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach
- Blocshlabhra an Aontais Eorpaigh
Tá straitéis dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh, Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú (2020) dírithe ar an gclár digiteach níos leithne agus díríonn sé ar thrí phríomhchuspóir chun a áirithiú go dtapaíonn an Eoraip an deis claochlaithe dhigitigh ar a bhealach a dtéann chun tairbhe a saoránach, gnólachtaí agus rialtas:
- Teicneolaíocht a oibríonn do dhaoine: Teicneolaíocht a dhéanann fíordhifear do shaol laethúil daoine a fhorbairt, a scaipeadh agus a úsáid. Geilleagar láidir iomaíoch a fhaigheann máistreacht ar an teicneolaíocht agus a mhúnlaíonn í ar bhealach a n‑urramaíonn luachanna na hEorpa.
- Geilleagar cóir iomaíoch: Margadh aonair saoráideach, áit ar féidir le cuideachtaí de gach méid agus in aon earnáil dul in iomaíocht lena chéile agus cothrom na Féinne acu, agus ar féidir leo teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí digiteacha a fhorbairt, a mhargú agus a úsáid ar scála a chuireann borradh faoina gcuid táirgiúlachta agus iomaíochais dhomhanda, agus ar féidir muinín a bheith ag tomhaltóirí go n‑urramaítear a gcuid ceart.
- Sochaí oscailte dhaonlathach inbhuanaithe: Timpeallacht iontaofa ina bhfuil cumhacht ag saoránaigh sa bhealach a ngníomhaíonn agus a n‑idirghníomhaíonn siad, agus na sonraí a sholáthraíonn siad ar líne agus as líne. Bealach Eorpach i dtreo an chlaochlaithe dhigitigh a fheabhsaíonn ár luachanna daonlathacha, a urramaíonn ár gcearta bunúsacha, agus a chuireann le geilleagar inbhuanaithe aeráidneodrach atá tíosach ar acmhainní.
Tacaíonn gníomhaíochtaí sonracha le gach cuspóir.
Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an plean atá ann chun geilleagar an Aontais Eorpaigh a dhéanamh inbhuanaithe. Leagtar amach ann gealltanas an Choimisiúin i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le cúrsaí aeráide agus comhshaoil. Tá an Comhaontú Glas ina dhlúthchuid de straitéis an Choimisiúin chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme. Sainaithnítear leis gníomhaíochtaí atá ag teastáil ó earnálacha uile an gheilleagair, lena n-áirítear infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus tacú leis an tionscal a bheith ag nuáil.
Maidir le Dearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus an Rialtas Digiteach atá bunaithe ar Luach (Nollaig 2020), arna chomhaontú ag Airí na hEorpa atá freagrach as digiteáil na hearnála poiblí, tá sé d’aidhm aige cur le claochlú digiteach atá bunaithe ar luach ach aghaidh a thabhairt ar rannpháirtíocht dhigiteach agus ríomh-ionchuimsiú inár sochaithe, agus iad sin a neartú. Leagtar amach i nDearbhú Bheirlín na prionsabail seo a leanas ar ar cheart an claochlú digiteach a bhunú:
- Bailíocht agus urramú ceart bunúsach agus luachanna daonlathacha
- Rannpháirtíocht shóisialta agus ríomh-ionchuimsiú chun an domhan digiteach a mhúnlú
- Cumhachtú agus litearthacht dhigiteach
- Iontaobhas agus slándáil idirghníomhaíochtaí rialtais dhigitigh
- Ceannasacht agus idir-inoibritheacht dhigiteach
- Córais a bhfuil daoine ag a lár agus teicneolaíochtaí nuálacha san earnáil phoiblí
- I dtreo sochaí dhigiteach sheasmhach inbhuanaithe
Tacaíonn sraith gníomhaíochtaí beartais le gach prionsabal
Foilsíonn an Coimisiún Eorpach tagarmharcanna AE bliantúla agus measúnuithe bliantúla ar fheidhmíocht na mBallstát.
Tomhaiseann an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) feidhmíocht dhigiteach na hEorpa agus rianaíonn sé claochlú Bhallstáit an Aontais. Is éard atá in DESI ná innéacs ilchodach lena dtugtar achoimre ar na táscairí maidir le feidhmíocht dhigiteach na hEorpa ar fud na réimsí seo a leanas: Nascacht, Caipiteal Daonna/Scileanna Digiteacha, Úsáid na saoránach as Seirbhísí Idirlín, Comhtháthú na Teicneolaíochta Digití ag gnólachtaí, Seirbhísí Poiblí Digiteacha, agus Taighde agus Forbairt maidir le TFC.
Is éard atá sa Tagarmharc Ríomhrialtais ná uirlis monatóireachta bhliantúil ar an gCoimisiún Eorpach chun léargas a sholáthar maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha san earnáil phoiblí. Sa tuarascáil maidir leis an Tagarmharc Ríomhrialtais déantar meastóireacht ar dhul chun cinn phríomhchodanna Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh, 2016-2020, Dearbhú Thaillinn agus gnóthachtáil Margaidh Aonair Dhigitigh Eorpaigh. Úsáideann an Tagarmharc Ríomhrialtais ocht n‑imeacht saoil, a thomhaistear gach dhá bhliain chun tírdhreach na seirbhísí poiblí a ghabháil.
Rialachán na Tairsí Aonair Digití
Is é OPOFR an Comhordaitheoir Náisiúnta don Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach a chur chun feidhme agus is é atá freagrach as cur chun feidhme an rialacháin a bhainistiú. Soláthraítear leis an tairseach “An Eoraip Agatsa” rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus cúnamh agus seirbhísí réitigh fadhbanna do shaoránaigh agus gnólachtaí. I mí na Nollag 2020, d’éirigh le OPOFR an spriocdháta dlíthiúil do chéim I den rialachán a bhaint amach agus sholáthair sé faisnéis sho-úsáidte údarásach agus rochtain ar sheirbhísí réitigh fadhbanna. Leanfaidh OPOFR ar aghaidh lena chuid oibre le Grúpa Comhordúcháin agus Coiste an Rialacháin maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, chomh maith leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile fad a dhíreoidh sé ar an gcéad chéim cuir chun feidhme eile den rialachán le linn 2021 agus go dtí 2023.
eIDAS
Is é OPOFR an ceann náisiúnta ar ghné eID de Rialachán eIDAS – sainaithint dhigiteach agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.
Oibríonn OPOFR i gcomhpháirt le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear ECFE agus na Náisiúin Aontaithe maidir le cúrsaí TFC/digiteacha.